An Fhonduireacht: Isaac Asimov's Foundation in Irish - Isaac Asimov - Books - Evertype - 9781782010807 - October 20, 2014
In case cover and title do not match, the title is correct

An Fhonduireacht: Isaac Asimov's Foundation in Irish Irish edition

Isaac Asimov

Price
$ 26.99

Ordered from remote warehouse

Expected delivery Jul 29 - Aug 12
Add to your iMusic wish list

An Fhonduireacht: Isaac Asimov's Foundation in Irish Irish edition

Áirítear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtúir", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta. Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge. Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa).


292 pages

Media Books     Paperback Book   (Book with soft cover and glued back)
Released October 20, 2014
ISBN13 9781782010807
Publishers Evertype
Pages 292
Dimensions 283 × 142 × 24 mm   ·   390 g
Language Irish  
Translator Hoglund, Panu Petteri

Show all

More by Isaac Asimov

Others have also bought